Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Árd Leathan
- XML Leathanach 491
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal (ar lean)
“Bhí gabh ann aon uair amháin agus ní rabh sé ábalta gach ar bith a dhéanamh.”
(ar lean ón leathanach roimhe)céarda do fhéin tamaill.” Dubhairt an gabh go dtabhairfeadh. Thug an fear isteach an capall na chéarda. Géarr sé na cosa do ag na glúina agus chuir sé isteach sa téine iad. Thug sé amach annsin iad agus thosuigh sé dhá mbualadh lé casúr. Annsin ghreamuigh sé na cosa arair agus dimthigh sé. Nuair a dimthigh sé dubhairt an gabh leis fhéin gur furust (cruath) crutha a chur ar capall. Bhí capall aige fhéin agus rinne sé amach go gcuirfeadh sé críotha air é fhéin. Thug sé isteach an capall. Ghéarr sé na cosa ag na glúine agus chuir sé sa teine iad. Nuair a damharc sé sa teine ní rabh cosa ar bith le fághail. Annsin béigean do a chapall a chur a bpoll. Lá amháin eile d’amharc sé suas an bealach mór. Chonnaic sé fear agus dhá chailleach leis. D’iarr sé ar an ghabh cailín amhain deas a dhéanamh amach is an dhá shean-chailleach, is doiligh damh arsa an gabh. Níl mé ábalta gach ar bith a dhéanamh acht soc seisrigh. D’fhiafruigh an fear do an dtabhairfeadh sé céarda do fhéin tamall Dubhairt an gabh go dtabhairfeadh. Chuir sé an dá caillighe sá téine agus roimh i bfhád bhí cailín go deas is bhí in Éirinn(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gráinne Nic Ghloinn
- Inscne
- Baineann