Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)

Suíomh:
An Ailt Leathan, Co. Donegal
Múinteoir:
Pádraig Mac Ailin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 454

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 454

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Árd Leathan
  2. XML Leathanach 454
  3. XML “Seanscéal”
  4. XML “Lucht Siúil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seanscéal (ar lean)

    Bhí rí ann agus bhí trí ingheannacha aige. Bhí sé pósta an dara uair agus bhí inghean amháin aici.

    Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. Lucht Siubhal.
    Bhí cuid mhór lucht siubhal ag dul thart fadó. Bhí fear ag dul thart dar b’ainm an Bacach Ruadh. Bhí sé na chomhnuidhe i mbaile Chiarragan. Bhí sé bacach agus ba ghnáthach leis dhá bhata a bheith leis i gcomhnuidhe. Bhí sé ag cruinniughadh achan rud a gheobhadh sé. Dá labharfadh duine ar bith nuair a bhéadh sé ag cainnt tharraingheadh sé an bhata air. Ba ghnáthach leis an droch éadach a chathadh.
    Bhí bean ag dul thart dar b’ainm Éibhlin Ní Mharlie. Ba ghnáth léithi culaidh dhubh agus sháll a chathadh. Bhí sí ag cruinnuighadh uibheacha. Ní raibh áit comhnuidhe ar bith aici ach ag siubhal léithe ó theac go teach. Bhí bainéis ann am amháin, agus bhí an lánamhain le pósadh ar na Gleanntaí. Bhí an fear na chomhnuidhe i nGleann-Fhinne agus bhí an bhean na comhnuidhe comhgarach do na Gleanntaí. An lá a raibh siad le pósadh chuaidh an fear isteach sa traen
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.