Scoil: Leitir

Suíomh:
Templecrone, Co. Donegal
Múinteoir:
Proinsias Ó hEachaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 179

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 179

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir
  2. XML Leathanach 179
  3. XML “Scéal a Dó”
  4. XML “Scéal a Trí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal a Dó (ar lean)

    Bhí fear thuas ar an tSealgain am amháin agus bhí sé an bhocht ar fad. Bhí sé pósta agus bhí seachtar páistí aige.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    n-a bhaile agus d’innis sé do’n bhean go bhfuair sé cróc óir
    Níor innis sé do dhuine ar bith eile fa dtaobh de.
    Nuair a bhí an fear marbh fuair siad rud mór ór istoigh ins an leabaidh agus é istoigh ins an chochán aige.
    Bhí an fear abalta cúig céad punt a fhágail ag gach duine de n-a páistí s’aige
    D’innis an bhean s’aige do na comharsannaí uilig fá’n óir.
    Thoisigh na daoine uilig ag cuartughadh annsin acht ní rabh siad abálta a dhath a fhaghail.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Scéal a Trí

    Bhí sagart ann am amháin agus bhí sé i n-a chomhnuidhe i Leitir Ceanainn. Ba ghnáthach leis uisce beatha a ól.

    Sgéal a trí.
    Bhí sagart ann am amháin agus bhí sé i n-a chomhnuidhe i Leitir Ceanainn. Ba ghnáthach leis uisce beatha a ól.
    Tháinig tinneas air agus fuair sé bás. Tháinig sagart eile go dtí an teach pobail annsin. Bhí cléireach ag an sagart a fuair bás agus bhí an cléireach ceadhna ag an sagart seo. Bliadhain i n-a dhiaidh seo bhí an cléireach ag deánamh réidh le Aifreann a leigheadh. Tháinig sagart eile isteach agus ní rabh aithne ag an shagart air.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Laodhóg
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Brian Mac Cáilín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    53
    Gairm bheatha
    Feirmeoir beag (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Leitir Mhic an Bhaird, Co. Donegal