School: Mín an Bhealaigh (roll number 15229)

Location:
Mín an Bhealaigh, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Niallghuis
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1049, Page 141

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1049, Page 141

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín an Bhealaigh
  2. XML Page 141
  3. XML “Scéal fa Thaibhse”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fa thuairim 55 bl.ó shoin, bhí beirt fhear ag imirt cárdaí i gCarcor neas dom áit seo - Énrí Ua Conon as Árd a' Rátha, agus Séamus Ua Bhreislin as Mín Geal an Ghiorraidhe. Tá áit ar an ród idir an dá bhaile seo, agus bhí ainm uaigneach ar an áit seo i gcomhnuidhe.
    Bhí siad ag cainnt fan áit seo agus an bheirt aca ag teacht abhaile. Dubhairt Énrí Ua Cononn nach raibh eagla ar bith air féin roimh a leithéid agus nach raibh a leithéid ann ar chor ar bith. Chuala siad annsin fuaim ar thaobh an róid agus nuair a d'amharc siad thart chonnaic siad madadh mór dubh ina sheasamh annsin. Bhí bata mór trom ag Énrí, thóg sé an é agus thug sé buille maith don mhadadh. Níor bhog an madadh, no níor leig sé a dhath air bhuail sé arais é, ach níór bhog sé. Tháinig eagla air annsin agus d'imthigh an bheirt aca ag reathaigh. Do lean an madadh iad ach níor bhain sé leo. Bhí siadsan ag rith agus an madadh ina ndiaidh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Dómhnaill Ua Breislin
    Gender
    Male
    Age
    50
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Mín an Bhealaigh, Co. Donegal