School: Mín an Bhealaigh (roll number 15229)
- Location:
- Mín an Bhealaigh, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Niallghuis
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín an Bhealaigh
- XML Page 102
- XML “Scéal Eile fá Thaibhse”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ins an tsean am bhí tighearna talaimh ina chomhnuidhe i Mín na Bhealaigh san áit a bhfuil mise mo chómhnuidhe anois ( Pádraig S. Mac Niallghuis). Bhí sé an chruaidh ar na daoine thart. Ní bhfuigheadh siad cead luachair ar bith a bhaint san áit gidh go rabh an talamh a bhí aige cumhdaighthe leo. Mharbh sé é féin i dteach eile a bhí aige i mBaile Átha Cliath. Bhí comhnuidhe aige san áit seo, agus tháinig coisde fhad leis an teach oidhche amháin. Do thuinntuigh an coisde ar an t-sráid agus ar shiubhal arais arís. Shaoil bunadh an tighe go rabh an fear uasal é féin ar an choisde agus d'fhosgail siad an dorus le na leigint isteach. Bhí lampa lasta aca ins an halla agus chonnaic siad an fear é féin ina sheasamh taobh amuigh den dorus ar an léana. Nuair a bhí sé tamall gan teacht isteach chuaidh duine éigin chuig an dorus arais ach ní raibh duine ar bith le feiceáil.
Cúpla lá i ndiaidh sin(continues on next page)- Informant
- Peadar Ó Baoighill
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Mín na Coilleadh, Co. Donegal