School: Mín an Bhealaigh (roll number 15229)
- Location:
- Mín an Bhealaigh, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Niallghuis
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín an Bhealaigh
- XML Page 79
- XML “Leabaidh Dhiarmuda”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a bhí Gráine agus Diarmuid ar a seachnadh agus Fionn dá gcuartughadh, 'siomaidh áit a chaith siad oidhche agus lá. Tá uaimh ar thaobh an chnuic sa Ruadhchró i paráiste na gCeall a dtugtar Leabaidh Dhiarmuda uirre, agus deirtear gur chaith siad seal tamaill san uaimh seo.Bhí siadsan ag imtheacht ó áit go háit agus Fionn agus dream eile de na Fiannaibh ina ndiaidh. Thiocfadh le Fionn a fháil amach gach maidin cén áit ar chaith siad an oidhche roimhe sin. Bhí an t-eolas sin le fáil aige ó fhiacail eolais a bhí aige. Bhí fhios aca sin fosta. Thug Diarmuid leis mála beag gainmhe ón tráigh agus achan oidhche chuir siad an mála faoin leabaidh. Ba é an t-eolas a bhfuair Fionn gach maidin go raibh siad na luighe ar ghainimh an trágha an oidhche roimhe sin. Shaoil seisean siocair sin go raibh siad i bhfolach áit éigin ar imeall na fairrge agus chaith seisean agus a chuid fear ag cuartughadh ins na(continues on next page)
- Informant
- Cáit Ní Sheibhlin
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Occupation
- Scoláire
- Address
- Roechrow, Co. Donegal