School: Leac Chonaill (roll number 14890)
- Location:
- Leac Chonaill, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Grianna
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leac Chonaill
- XML Page 433
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a tugadh as í, agus mhol sé dobhtha dul agus an uaigh a fhoscladh le feiceil caide bhí sa chomhnair an áit ar shíl siad corp na mná óige bheith curtha. Rinneadh seo, agus caide a bhí sa chomhnair ach seanscuab.
“Níl fhios agam,” arsa an mhathair, “caide atá le deánadh sa chás anois - an fear a phós mo nighean, tá bliadhain o shoin pósadh é arais tá seachtmhain ó shoin mar mheas sé go rabh sé ina bhaintreabhach fir le bliadhain.” Dubhairt Tailligh gurbh é a bharamhail san gur cheart gairm a chur ar an tsagart, agus rinnead seo. Dubhairt an sagart go rabh an bhean óg saor le pósadh arais da mar mhian leithe.
“Mas mar sin atá” arsa Tailligh, “agus ma tá sí toilteanach mise a ghlacadh, pósfaidh mise í.” Dubhairt an cailín go rabh sí an toilteanach a phósadh agus dul arais na bhaile leis go tigh a mhathara. Pósadh iad. Bhí baineis bhréagh shultmhair acu – gan buaidhreadh ar bith o'n tsluagh sidhe an iarraidh seo, agus nuair a bhí an bhaineis thart thug Tailligh a bhean na bhaile, agus bhí beatha fhada shéanmhair acu, agus tá a ndiarmair ar fághail go fóil i bparaiste Chill Mhic Chréanainn i gcondae Dhún na nGall.- Collector
- Máirín Nic Grianna
- Gender
- Female
- Informant
- Donall Mac Grianna
- Gender
- Male
- Address
- An Bearnas Uachtarach, Co. Donegal