School: Leac Chonaill (roll number 14890)

Location:
Leac Chonaill, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Grianna
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 434

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 434

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leac Chonaill
  2. XML Page 434
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá baile an Mhachaire ag cois bháig Luachrais Bhig - fa thuairim ar mhíle bealaigh ó theach sgoile Leac Chonaill. Leath sgór de thighthe comhnuidhe atá ar an bhaile, agus níl ach tobar amháin le fíor uisge a chongbhail leis na tighthe uilig.
    Deir an sean bhunadh nach rabh tobar ar bith acu ‘sa tsean am, agus go rabh droch dóigh orthu. Lá amháin thainic bean siubhail thart, agus chuaidh sí isteach go dtí teach ar an Mhachaire agus diarr sí deoch de fhíor uisge. Dubhairt bean an tighe leithe nach rabh tobar fíor uisge ar bith ar an Mhachaire.
    Bhí íontas mór ar mhnaoi an tsiubhail. Dubhairt sí nach mbéadh siad i bhfad gan fíor uisge. D’imthigh sí amach na trágha. Bhí daoine ag amharc na diaidh. Sheas sí san áit a bhfuil an tobar acu anois. Bhí fáinne ar mhéir da cuid. Bhain sí an fainne da méir, agus thoisigh sí ag radh foicle i gcanamhaint choimhthigheach nar thuig aon duine.
    Nuair a bhí sí tamall maith amuigh thainic sí isteach. Diarr siad ar chuid do na fir a dhul amach agus poll a dheánadh san áit a thaisbein sí dobhtha. Chuaidh siad amach agus rinn siad an tobar. Tá an tobar le feiceil go fóill ar an Mhachaire, agus níl ann ach an tobar amháin sin. Dubhairt an bhean nach mbéadh an Machaire a choidhche gan fíor uisge, agus nach rachadh an tobar tirim go brathach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máirín Nic Grianna
    Gender
    Female
    Informant
    Eibhlín Bean Mhic Chonaill
    Gender
    Female
    Address
    Leac Chonaill, Co. Donegal