School: Caiseal (roll number 13055)

Location:
An Caiseal, Co. Donegal
Teacher:
G.P. Pléimeann
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 042

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 042

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caiseal
  2. XML Page 042
  3. XML “Daoine Cáiliúla na hÁite”
  4. XML “Daoine Cáiliúla na hÁite”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ocras air agus dubhairt an fear dubh go gcaithfeadh an bheirt aca a fhait a ith. D’iarr an fear dubh dhá pota brachán a chur síos, bhí fhíos ag Ned nach mbéadh sé abalta an pota bracháin a ithe.
    Fuair sé mála agus cheangail sé thart ar a mhuinéal agus cuir isteach faoi a éadaigh é. Nuair a bhí an brachain réid thoisigh an bheirt aca a ithe. Dith Ned a sháith agus leig sé dó’n cuid eile tuiteamh isteach san mhála. Ní rabh an fear dubh abalta an póta bracháin a chríocnughadh acht dubhairt Ned go gcaithfeadh sé an pota a críocnughadh agus sa deireadh críocnughadh sé é. Ní rabh an fear dubh abalta troid agus thug Ned sgian dó agus d’iarr sé air sathach a thabhairt dó. Nuair a tughadh sathach dó tháinic an brachan amach as an mhála agus dhubhairt Ned go rabh sé níos fearr. D’iarr an fear dubh ar Ned sathach a thabhairt dó, thug Ned sathach dó agus mharbh sé é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí fear ag teacht “na” bhaile lá amháin casadh bean air agus bhí sí ag iomhchur bascóide. D’iarr sí ar ban fhear cuiduighadh léith an bhascóid a iomhchur agus rinn an fhear sin. Nuair a bhí an fear a fhagháil thug sí sgilling, agus achan uair a gceannuigheadh sé dadaidh ar an sgilling gheibheadh sé i na phoca aríst í. Lá amháin thug sé an sgilling seo do’n sagart agus nuair a rug an sagart ar an sgilling d’imhtigh sé i ndeór uisge i n-a láimh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Nic Fhionnlaoich
    Gender
    Female
    Address
    Cionn na Coilleadh, Co. Donegal