School: Caiseal (roll number 13055)

Location:
An Caiseal, Co. Donegal
Teacher:
G.P. Pléimeann
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 014

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 014

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caiseal
  2. XML Page 014
  3. XML “Seanchas fá Naomh Colm Cille”
  4. XML “Seanchas fá Naomh Colm Cille”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bhfuil an sgéal seo fíor siocair go rabh bean ag déanamh an turas am amháin agus go bhfachaidh sí an breac agus fuair sí bás roimhé bliadhain.
    Dubhairt Naomh Colmcille fosta gur duine ar bith a tchifeadh an eascon nach bhfuigheadh sé an rud a bhí sé ag iarraidh. Chonnaic bean eile an eascon agus ní bhfuair sí an rud an bhliadhain sin a bhí sí ghá iarraidh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí fear ag siubhal turas Colmcille oidhche amhain. Chonnaic sé sagart óg roimhe agus fuair sé suas leis an sagart. Ní rabh aithne aige ar an sagart.
    Níor labhair an bheirt aca le chéile go rabh an turas críochnuighthe aca. D'fiafruigh an sagart de ce'n áit ar thoisigh sé an turas agus d'innis an fear dó. Dubhairt an sagart nach sin an áit ach ba chóir dó é thoisiugadh ac comhair do'n leabaidh.
    Thug an sagart óg a bheannacht do'n fhear agus dubhairt ghó mbeadh sé níos fearr an bhliadhain a bhí ag teacht agus cupla mí i ndiaidh sin bhí an fear marbh. Deir siad gur Colmcille a bhí ann.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. saints
          1. Colm Cille (~265)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Niallghuis
    Gender
    Female