School: Learga na Saorthach (roll number 14888)
- Location:
- Learga na Saorthach, Co. Donegal
- Teacher: Cathal Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhéadh sé mór, agus ní rabh fhios aige caidé'n a mharbheochadh sé é. Bhí sé thoir [?] am amháin ag teach an tinnceára, agus d'fiafruigh an rí de an rabh duithbhir a mhac a chur fad le na inghean le litir. Dubhairt seisean nach rabh. Dimtigh sé leis an litir, agus bá h-é an rud a bhí sa litir é a mharbhad nuair a rachadh sé ann. Shiubhal sé leis go dtáinig an oidhche. Chuaidh sé isteach ag iarraid loistín, agus dubhairt bean an toighe leis go rabh triúr mac aicí, agus é bheith sa teach go marbhadh siad é, agus diarr sí air teacht léithe fhad le sgiobal. Dubhairt sí leis fanacht ann go maidin, agus nuair a bhí sé na chodladh léigh sí an litir, agus sgríobh sí litir eile, agus bá h-é an rud a chur sí ann nó é a pósadh nuair a thiocadh sé fhad leis an teach. Lá thar na bharach nuair a bhí a bhreisfeasta deánta aige dimthigh sé. Nuair a tháinig sé fhad(continues on next page)
- Collector
- Seán Mac Giolla Cheárr
- Gender
- Male
- Address
- Mín an Chearrbhaigh, Co. Donegal
- Informant
- Niall Mac Giolla Chearr
- Gender
- Male
- Address
- Mín an Chearrbhaigh, Co. Donegal