Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)

Suíomh:
Gaoth Sáile, Co. Mayo
Múinteoir:
Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 379

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 379

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gaoth Sáile
  2. XML Leathanach 379
  3. XML “Féilí na Bliana - Oíche Shamhna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    a mbéadh cosa cama air ?. Teigheadh na buachaillí ó theach go teach - trí theach i n-a dhiaidh a chéile ag éisteacht ag an doras cúl go bhfeicfeadh siad cén t-ainm a chluinfeadh siad. Aon duine acu a cloisfeadh Máire, Brighid, Móra nó aon ainm eile, phósfadh sé cailín a mbéadh an t-ainm baisteadh sin uirthi.
    Bíonn cnódhanna agus ubhlaí ar díol ins na siopaí i gcóir na h-oídhche sin. Ceapaim go bhfuil an t-aos óg ag cur níos lagha suime i gcleachtadh na gcleas aithrid atá luaidhte cheana agam, na mar a bhíodh acu ann roimhe seo. Táid ag éirghe asta de réir a chéile.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Halloween (~934)
    Teanga
    Gaeilge