School: Naomh Eoin, Béal Easa (roll number 14176)
- Location:
- Foxford, Co. Mayo
- Teacher: Oide sa chlochar
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Naomh Eoin, Béal Easa
- XML Page 221
- XML “Ciste Óir”
- XML “Ciste Óir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)lá in a dhiaidh sin.
An lá sin chuaidh sé go dti loch ar lorg an óir agus do dhein sé iarracht ar an bairrille do thabhairt amach as an loch. Bhí sé an-throm agus bhí sé ceangailte idir na clocha a bhí san loch agus mar sin bhí an fear ag obair ar feadh i bhfad. Bhí greim maith ag an bhfear ar an mbairrille nuair tháinigh an eascú arais. Dubhairt sé leis an bfear go bhfuigheadh Sean Breathnach bás leis an airgead.
Nuair chuala an fear sin do rith sé abhaile agus do thuit an bairrille óir isteach san loch. Deirtear go bhfuil sé san loch fós acht níor chuaidh na daoine ar lorg an óir ó shin amach. Tá an teach mór le feicheál fós, acht tá na daoine go léir i Sasana. - Fadó fadó nuair a bhí na Loclannaig in Éirinn bhí éagla ar na daoine go(continues on next page)