School: Naomh Eoin, Béal Easa (roll number 14176)
- Location:
- Foxford, Co. Mayo
- Teacher: Oide sa chlochar
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An ghealach ag gluaiseacht go tapaidh treasna na spéire sin comhartha go mbéidh stoirim ag reábhadh, acht an ghealach in-a suidhe go ciúin 'san spéir agus fáinne thart thimcheall uirri, béid an báisteach ag baint deataigh as an mbóthar. De réir an t-seanchuis ní thugann gaoth. Neifinn aimsear maith dúinn. Cloistear na sean-daoine ag rádh: "Béidh na ciothanna againn amáireach."
Tá sneachta ar Neifin 'gus fuacht in-Éirinn" Sin abairt a bhíonn ag na seanóirí nuair a bíonn sneachta ar Neífin. Deireann siad annsin go bhfuil fuacht ar fúd na tíre. Nuair a bíonn néalta dearga ós cionn an locha le dul faoi na gréine, deireann an feilméar nach bhfuil an leac-oidhre agus an sioc i bhfad uainn.
Shílfeá nuair a bhean Cruach Pádhraig go gorm is go soileár go mbeadh aimsear breagh ag teacht acht is amhlaidh a tharluigheann, bíonn sé ag cur fearthainne ar nós no oíleann. Ní droch comartha é amach is amach nuair a bíonn Cruach Pádhraic fé ceo agus scamallaibh.(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Ualaigh
- Gender
- Female
- Address
- Foxford, Co. Mayo