School: Naomh Eoin, Béal Easa (roll number 14176)

Location:
Foxford, Co. Mayo
Teacher:
Oide sa chlochar
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0125, Page 248

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0125, Page 248

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Eoin, Béal Easa
  2. XML Page 248
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (Maíre Ní Dhéisigh, Príomh Sráid, Béal Easa)
    Tá tobar beannaithe i bpáirc inaice na roilge i dTeampoll Maol. Ní raibh an tobar san áit sin i gcómhnuidhe acht bhí sí i bpáirch eile fé'n gCloch mór atá ann. Tháinig alán daoine go dtí an tobar fadó acht ní thagann acht cúpla daoine ann anois. Tobar Naomh Caitlín iseadh é. Tháinig cailín saidhbhear go dtí an tobar uair nuair a bhí "ceannuigh mála" ann. Do mharbhuigh sé an cailín agus ghoid sé na seóda a bhí aice. Cúpla lá in a dhiaidh sin fuair an "ceannuigh mála" bás agus do cuireadh san roilig i dTeampoll Maol é. An oidhche sin chonnaich alán daoine fíadh mór agus alán eile leis san roilig. Do thosuigh an fiadh ag briseadh uaighe an "ceannuigh mála." An lá taréis sin chuaidh na daoine isteach san roilig acht bhí corp an "cheannuigh mála" imthighthe. Ó shoin amach níor chuaidh acht cúpla daoine go dtí an tobar. Uair amháin fuair fear ó Cúl na Gréine iasg mór san tobar. Do thóg sé abhaile é agus chuir sé síos san friochtáin é. Do léim an t-iasg amach agus chuaidh sé thar n-ais go dtí an tobar. Tá an t-iasg ann fós acht tá taobh amháin de dóighthe mar do dhóghadh an taobh sin nuair do chuir an fear isteach san friochtán é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Mairéad Ní Dhéisigh
    Gender
    Female
    Address
    Foxford, Co. Mayo