School: Páirc na Cille (roll number 13700)
- Location:
- Boherhallagh, Co. Mayo
- Teacher: P. Ó Tóláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí cuid mhaith naomh thart annseo san am fadó tímcheall na céadta bliadhain ó shoin. Naomh Cáit a b' eadh an naomh ba cháileamhla. Tá tobar beannuighthe i bpáirc in aice le Teampall Maol, "tobar Cháit" in onóir dhí. |deirtear nach bhfuil aon bhun ag an dtobar seo agus go bhfuil cuid mhaith breac ann. Uair eile chuaidh fear chuige chun buicéad uisge d' fhágháil agus rug sé ar bhreac. Nuair a chuaidh se abhaile chuir sé an bhreac ar an dteine chun é do róstadh. Nuair a bhí sé tamaillín beag ar an dteine léim se agus amach an doras leis agus isteach sa dtobar. Tá sé annsin go fóill agus marc in a thaobh de dheascaibh na teineadh
- Collector
- Áine Ní Ruadháin
- Gender
- Female
- Informant
- Nóra Ní Ruadháin
- Gender
- Female
- Address
- Coollagagh, Co. Mayo