School: Páirc na Cille (roll number 13700)

Location:
Boherhallagh, Co. Mayo
Teacher:
P. Ó Tóláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0124, Page 233

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0124, Page 233

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Páirc na Cille
  2. XML Page 233
  3. XML “Ag Cur na bhFataí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Cuirtear na fataí san Earrach. Ar dtús déantar iomairí san dtalamh. 'Sé an chaoi a déantar iomairí ná an bárr-fód glas d'iompódh bun ós cionn le spádi nó céachta. Cuirtear cúpla fód le chéile í líne amháin agus mar sin go deireadh na páirce agus bíonn iomaire déanta. bíonn clais fágtha idir gach dá iomaire.
    Fhaid is a bhíonn na fir ag ullmhú na talmhan bíonn na mná ag gearradh nó ag sgoilltiú na bhfataí ina sgiollaín. 'Siad na fataí a ghearrann síad ná na famhairí mar is iad is fearr chun síl. Cuirtear laodhán ar an bpíosa a bhíonn fágtha indhiaidh an sciollaín. Má bhíonn ^ sgoillte ró luath cuirtear í mboscaí iad agus roinnt aoile leó. Sul a gcuirtear na fataí cuirtear aoileach ar an bpáirc.
    Bíonn na páistí go crúadhógach lá curtha na bhfataí. Ar dtús teigheann fear thart ar na h-iomairí le stíbhín agus déanann sé puill
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. potatoes (~2,701)
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní Ruadháin
    Gender
    Female
    Address
    Coollagagh, Co. Mayo
    Informant
    Éamon Ó Ruadháin
    Gender
    Male
    Address
    Coollagagh, Co. Mayo