School: Páirc na Cille (roll number 13700)
- Location:
- Boherhallagh, Co. Mayo
- Teacher: P. Ó Tóláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Páirc na Cille
- XML Page 239
- XML “Na Daoine Maithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí búachaill óg ag teacht abhaile go mall oidhche amháin idhiaidh bheith ag imirt cártaí. Chas socraid air san mbóthar. Bhí ceathrar sídheóg ag iomchur an cómhra. Sheasadar nuair chonnaiceadar an búachaill.Tháinig sídheóg mhór chuig an mbúachaill agus ar seisen leis. " Tá na daoine seo marbh ag iomchur an cómhra seo. An dtabharthá cúnadh dóibh. " " Tabharfaidh mé " arsa an mbúachaill agus é ar chrith. Isteach leis fe'n gcómhra agus shiubhaldar go mall fé dhein na roilge.Bhíodar ag suibhal agus ag suibhal ar feadh na h-oidhche gur shroicheadar an roilg. Ghlaoidh an choileach núair a bhíodar inaice na roilge. D'imthigh na sídheóga agus an chómhra as radharc agus bhí ar an mbúachaill suibhal cúig míle nó mar sin abhaile. Bhí sé tinn ar feadh míosa acht ní dheachaidh sé amach ar chúairt aon oidhche eile.
Áine Ní RúadháinSeán Ó Dúbhchair
Mucrúaidh,
Beál Easa- Collector
- Áine Ní Ruadháin
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ó Dubhchair
- Gender
- Male
- Address
- Larganmore, Co. Mayo