School: Log Buidhe (roll number 15539)

Location:
Lugboy Demesne, Co. Mayo
Teacher:
Seán de Crúis
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0109, Page 223

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0109, Page 223

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Log Buidhe
  2. XML Page 223
  3. XML “Seantithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is mór an difriḋeaċt atá idir na tíġṫe atá againn anois agus na tíġṫe do ḃí ann céad bliaḋain ó ṡin.
    Ḃíoḋ na tíġṫe tógṫa ar árdán beag cupla céad slat ón gcoiscéim agus cinn tuiġe a ḃíoḋ orra.
    Ḃíoḋ ḋá ḟuinneóg ionnta sé sin ceann ar gaċ binn agus i gcuid aca ḃíoḋ ceann sa gceisteannaċ.
    Ḃíoḋ ceisteannaċ agus seomra aṁáin ionnta agus do ċonġḃuiġeaḋ na mná iad sin ċóṁ glan lé biorán nua.
    Ní ḃíoḋ aċt ḋá leabaiḋ aca, sé sin ceann sa seómra agus ceann eile sa gceisteannaċ ar a ṫugaidís "cailleaċ" air.
    Ḃíoḋ doras ar aġaiḋ an tiġe agus doras eile ag dul síar ón gceisteannaċ go dtí an seómra.
    Nuair ḃíoḋ sé in am dul a ċoḋlaḋ ċuirdís an maiḋ éamuinn leis an doras ionnus naċ ḃfosglóċaḋ sé dá néiriġeaḋ storm.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. residential buildings (~2,723)
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Ní Chuinn
    Gender
    Female
    Address
    Ballykilleen, Co. Mayo
    Informant
    Liam Ó Eóghain
    Gender
    Male
    Age
    65
    Address
    Ballykilleen, Co. Mayo