School: Log Buidhe (roll number 15539)
- Location:
- Lugboy Demesne, Co. Mayo
- Teacher: Seán de Crúis
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Log Buidhe
- XML Page 095
- XML “Fear Cáiliúil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fear Cáileamhail.Bhí fear darbh ainm do Páidín Mháire Sheain in a chomhnaidhe i bFeagh Mhór fadó. Bhí sé in a fear ba láidire ag baint fhéir, ins an gcúige. Bhí speal aige agus ní dhíolfadh sé í dhá bhfuighfeadh sé cúig punt deág uirrí agus ní thiubhradh sé ar iasacht í do dhuine ar bith ar eagla go mbrisfhidís í in agaidh cloiche
Bhí feilméar in a chomhnaidhe i dteach mór san am agus bhí feilm mhór aige. Ní raibh sé in a thighearna talmhan acht ba chosamhail leis é mar rud ar bith a déarfadh sé leis na buachaillí a dheanamh dhó chaithfidís é dhéanamh dhó nó bheadh sé níos measa dhóibh feín
Bhí móinfheir le baint aige lá agus thainigh sluagh fear ar craitheadh do mhéir chuige agus speal dhá n-iomchur ag gach duine aca.
Bhí col-ceathar ag an bhfear seo i GConndae na Midhe agus bhí mac aige an fear ba laidre ins an gcúige sin.
Chuir sé teachtaire chuige arádh leis theacht gan mhoill go gcuidheóchadh sé leis na fir eile.(continues on next page)- Collector
- Sighle Ní Threinnseach
- Gender
- Female
- Address
- Feamore, Co. Mayo
- Informant
- Pádhraic Ó Cuirrín
- Gender
- Male
- Age
- 46
- Address
- Feamore, Co. Mayo