School: Naomh Seosamh, Shrule
- Location:
- Shrule, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Ó Reachtaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)[Leathanach 9]
lean sé mar bhí sé ag suibhal ar an mbóthar agus bhí an Tragha ag dunadh isteach in a raibh. Bhí sé ag imeacht nó go mbeachaidh sé go Oiléan na Trágha. Nuair a shroic sé á bhí na saighdúirí in a chodladh. Suibhal sé thart air go bhfeicfeadh sé an pálás. Fuair sé amach an gairdín agus thóg sé mála beag de na h-ubhla leis. Chonnaic sé beann ann agus bainríoghan an oileán a bhí ann. Nuair a bhí chuile sort deanta aige chuaibh s go dtí an áit a tháinig sé isteach. Bhuail sé ar an abhainn leis an t-slat agus bhí an bothar roimhe. Bhí an capall ceanngailte leis an gcrann. Bhí sé ag imtheacht leis nó gur thairraing an capall isteach ar bhorb na coille san áit a bhí roimhe sin. Bhí an bean beag amuigh roimhe "Is maith a rinne tú go bhealach tabhair a t-slat doma thug me duit" "Bhearfaidh agus míle fáilte". Tabhair an capaill go dtí an crosbhóthatar cea(n)ngail an srian ar an gcapaill. Nuair sroicheann tú an crosbhóthar cuir ar an mbóthar ceart arais abhaile í agus geobhfaidh sí an bealach amach. Dimigh an capall agus thuit an fear ina codhladh. Tháinig an beirt deartharacha agus nuair fuair siad é in a chodladh ghoid siad na h-ubhla uaibh agus chuir siad na-h-ubhla a bhí acu féin ins an mála a bhí aige. Dhuisigh sé agus dimtigh an trúir abhaile.Cuireadh fios ar an Doctúir go bhfeicfeadh sécé aige bhí na h-ubhla cearta. D'fheach an dochtúír(continues on next page)- Collector
- Criostóir Ó Buadhacháin
- Gender
- Male
- Informant
- Máirtín Ó Ceóinín
- Gender
- Male
- Address
- Carrowmore, Co. Galway