School: Naomh Seosamh, Shrule

Location:
Shrule, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Ó Reachtaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 004

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 004

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Seosamh, Shrule
  2. XML Page 004
  3. XML “An Táilliúir a Chuaigh ar Shiúl”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An tailliúr a chuaidh ar siúbhal
    Bhí táilliúr ann fadó agus nuair a bhí an céard fóghluim[e] aige dubhairt sé go ndeachaidh [< rachadh] sé ar thóir oibre. Chonnaic sé sealbh míoltóga agus bhuail sé iad lé clár a bhí aige. Mharbhuigh sé na céadtha aca. Chuaidh sé go gabha geal annsin agus d’iarr sé de an ndhéanfadh sé claidheamh dhó. Dubhairt sé go ndhéanfadh sé dhó é. Dubhairt an táilliúr annsin sgríobhadh air go bhfuil sé in ann na céadhta a mharbhú. Bhí sé cómh géar leis an rásúir agus sgóipeadh sé an cloigeann de dhuine ar bith leis an gcéad bhuile. Nuair a thug an gabha geal an claidheamh dhó d’iarr sé dhe céard é a pháighe. “Ní bhainfid mé aon pháighe dhíot” ars an gabha geal “acht cuirfidh mé mo bheannacht leat ar do bhealach” “Beannacht leat” ar seisean. Bhí an táilliúr ag imtheacht leis nó gur tháinig sé go teach Fir Uasail. “Cén sórt rud é sin in do láimh” ars an fear uasal. “Sin claidheamh” ar seisean “agus muna marbhóchadh sé thú leis an gcéad bhuile marbhóchadh sé go cinnte leis an dara bhuile”. “An bhfuil aon obair agat dhom” ars an tailliúr. “Ta” ars an fear uasal “bhéarfaidh mé obair dhuit” “Cén sórt oibre é” ars an tailliúir “Tá [< Tá] caisleán agam amuigh faoi'n dtuaith agus ní féidir lé aon duine comhnaidhe ann. Tá cúigear tar éis fághailt báis ann agus tá mé cinnte go geobhfaidh tú bás ann freisin. Tar liomsa go
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    AT1640: The Brave Tailor
    Language
    Irish
    Collector
    Pól Ó Buadhacháin
    Gender
    Male
    Informant
    Máirtin Ó Ceóinín
    Gender
    Male
    Address
    Carrowmore, Co. Galway