School: Naomh Seosamh, Shrule

Location:
Shrule, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Ó Reachtaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 024

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 024

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Seosamh, Shrule
  2. XML Page 024
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí baintreach i gCill Teannadh agus bhí mac aici agus ní raibh aici acht teach beag agus ní raibh ann acht doras amháin agus bhí sé an-bheag. Ní íosfadh an mac acht prasán, sin bainne agus mine le céile. Bhí muileann in aice leis an áit. Bhíodh an mháthair amuigh ag cruinniú mine don mac. Lá amháin nuair a bhí sí amu[igh] thosuigh sé ag séideadh sneachta agus bhí an sneachta ag séideadh isteach sa doras beag. Bhí an mac an láidir agus chuaidh sé amach agus d'iompuigh sé an teach. Bhí an doras ar an taobh eile den teach annsin. Rinne sé sneachta an mhór annsin. Sa tráthnóna tháinig an máthair agus nuair a tháinig sí go dtí an áit a raibh an doras ar maidin ní raibh sé ann. Shuidh sí síos annsin agus d'fhan sí ann go raibh sí préachta leis an bhfuacht. Chuaidh an mac amach annsin agus fuair sé í agus thug sé isteach í. Chuir sé go dtí an teine í go raibh sí go maith arís. Dubhairt an mac annsin "Tá sé in am dom dul agus saothrú dom fhéin". Dubhairt sé annsin "Gabh síos go Éamonn Ó Croibhne (gabha a bhí sa bhfear seo) agus abair leis maide iarainn a dhéanamh dom". Chuaidh sí síos chuig an bhfear annsin agus rinne sé an maide agus thug sí don mac é. Bris sé é ar bhucán a láimhe. Dubhairt sé leis annsin, "gabh síos arís agus abair leis gur bhris mé an ceann sin agus ceann eile a dhéanamh dom". Rinne an gabha an maide dhó agus dubhairt sé leis an máthair "Ní brisfidh sé an ceann seo". Thug sé an maide don máthair agus thug sí abhaile é. Nuair a thug sí an maide don mhac lúb sé é ar bucán a láimhe acht níor bhris sé é. "Beannacht leat anios a mháthair" arsa an mac agus d'imthigh sé annsin. Bhí sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    Language
    Irish
    Collector
    Padhraig Ó Gionnáin
    Gender
    Male
    Address
    Shrule, Co. Mayo
    Informant
    Tomás Ó Conálta
    Gender
    Male
    Address
    Gorteens, Co. Mayo