School: Naomh Seosamh, Shrule
- Location:
- Shrule, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Ó Reachtaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Naomh Seosamh, Shrule
- XML Page 051
- XML “Cúram na gCos”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- [ ]odh na daoine suas le cúig bliana déag d'aois sul a chuireadh [sia]d aon bhróga orra. Bhí fear ann uair amháin agus "[ ]mas na Coise Protasdúnaighe" an t-ainm a bhí air. Fear [déi]rce a bhí ann agus lá amháin chuaidh sé amach ag iarraidh [déi]rce. Bhíodh bróga air uaireannta agus uaireannta eile [ní] bhíodh aon bhróga aige. Bhí péire bróga aige an lá seo a [ ]aidh sé amach ag iarraidh agus chonnaic sé teampoll. Chuaidh [sé] ins an dteampoll mar ba Chaithliocach an-mhór é. Nuair [a] bhí sé ag dul isteach ins an dteampoll chuir sé cos amháin isteach ar dtús agus nuair d'fhéac sé suas ar an altóir [bhí] "Minister" Protosdúnach ann. Sé an píonós a chuir sé air an gcos [ná?] nach gcuirfeadh sé bróg go deo arís air. Sioc nó sneachta, [b]áisteach ná aon rud eile ní chuirfeadh sé bhróg ar an gcois [sin] go lá a bháis.
Níor chuir na páisdí óga aon bhróga orra aon am de'n bhlian. [Ní]or chuir na daoine aon rud ins an uisge nuair a nigheadh [sia]d a gcosa. Bhí Pisreóg ann nach raibh sé cheart do aon duine [an] t-uisge in a nígheadh a gcosa a chaitheadh amach go mall [in]s an oidhche. Bhí gréasuidhe in a chomhnuidhe i sean-teach i [ ]angan agus bhí an teach ar chnoch. Sé an t-ainm atá ar an [g]cnoc sin anois "Cnoc a gréasuidhe". Sé an t-ainm a bhí ar an fear Peadar Bodhar. Tá na gréasuidhthe i bhfad níos flúirsighe anois ná mar a bhíodh siad fadó. Caithtí bróga bonn-adhmaid fadó agus bhí fear in a chomhnuidhe in aice le Áth Chinn a bhíodh gá ndéanamh. "Mr Wrigs" an t-ainm a bhí air. Bhíodh na daoine ag déanamh na mbróg in a dtighthe(continues on next page)- Collector
- Seaghán Ó Gabháin
- Gender
- Male
- Address
- Shrule, Co. Mayo
- Informant
- Marcus Ó Conghail
- Gender
- Male
- Address
- Shrule, Co. Mayo