School: Doire an Chairn (roll number 12976)
- Location:
- Derreenacarrin, Co. Cork
- Teacher: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire an Chairn
- XML Page 311
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an loch agus deireann siad an Chóroin Mhuire ar bhruach an locha. Nuair a bíonn siad chun dul abhaile deineann siad trí cruisín beaga le geatairí agus cuireann siad ag snámh ar an loch iad.
Muna mbheadh an duine gur cuireadh an trus air ábalta dul go dthí ... tugtar uisge na locha abhaile cuige. Tugtar trus ar Loch Dheirelocha ar an gcuma ceadhna le Loch Deire an Chairn. Tá tobair beannuithe eile i dTráth-Fraisce i dtalamh Mhichíl Pádruig Uí Shúilleabháin. Tá tobair beannuithe i gCaolchil tobair Muire a ghlaodhtar air.
Is ar an cúigiú lá déág de mhí Lúghnasa a théightar ag tabhairt truis ar an dtobair so. Téigheadh mórán daoine go dthí an tobair so fadó agus bhidís ann thar oidhche. Bhíodh daoine eile ann ag díol óráistí, brioscaí agus ag déanamh té. Aon uair amháin thógadar uisce an tobair beannuithe seo chun té a dheanamh leis. Ní bheireodhach an t-uisce in aonchor dóibh agus caitheadar é chaitheamh uatha.- Collector
- Síghle Ní Chruadhlaoich
- Gender
- Female
- Address
- Leahill, Co. Cork
- Informant
- Mícheál Ua Cruadhlaoich
- Gender
- Male
- Age
- 46
- Address
- Leahill, Co. Cork