School: Doire an Chairn (roll number 12976)
- Location:
- Derreenacarrin, Co. Cork
- Teacher: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire an Chairn
- XML Page 310
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá tobar beannuithe i gCuradh Dubh tobair a Bheannacha a glaodhtar ar. Téigheann daoine ag tabhairt triuis ar an dtobar seo ar an cúigiú lá fichead de mhí na Bealtheine. Téigheann siad mórthímcheall an tobair ag paidireóireacht agus annsan deireann siad an chóróinn Mhuire taobh leis an dtobar. Nuair a bhíonn siad chun dul abhaile fágann siad cómhra éigint na ndhiaidh sé sin cuid da gcuid gruaige no píosa dá n-eadaighe nó [?]cnaipe nó pingin. Nuair a téigheann na daoine ag tabhairt truis ar loch Dheire an Chairn is tímcheall carraig mór atá ar thaobh an locha a bhíonn siad ag paidireóireacht. Ar dtúis piocann siad naoi púróiginí beaga ar an mbothar lasmuigh de pháirc 'a locha. Annsan téígheann siad mórthímcheall an carraig seo agus iad ag rádh na paidreacha so an Phaidir an tAvé Maria agus Glóire. Annsan caitheann siad ceann de's na púróiginí uatha. Deineann siad an turus so naoi n-uaire. Téigheann siad síos go dtí(continues on next page)
- Collector
- Síghle Ní Chruadhlaoich
- Gender
- Female
- Address
- Leahill, Co. Cork
- Informant
- Mícheál Ua Cruadhlaoich
- Gender
- Male
- Age
- 46
- Address
- Leahill, Co. Cork