Scoil: Áth na gCoire
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán P. Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Áth na gCoire
- XML Leathanach 365
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)suas gloinne annsin agus arsa seisean liom sa fan go bhfeicid tú seo agus caith sé an gloinne lán isteach in uaimh a bhí ann. “Sin chughaibh anois arsa seisean”. Ní rabh fhios agam féin caidé a bhí sé a dheánadh acht mhinigh sé damh gur sin an chead chuid de’n phoitín agus gur ceart i gcomhnaidhe é a thabhairt do na daoiní beaga.
“Gabh siar arsa seisean agus tabhairt aniar an gloinne sin”. Tá maith damh ann arsa mise, go cinnte agus tá tú annsin tá sé in a smidiríní. Seo Seo arsa m’uncle sin solus agus siubhal leat. Isteach liom agus bhí obair agam an gloinne a fhághail bhí sé comh fada sin siar san uaimh
Shil mise go mbéidhinn ag piocadh suas giothaí de act giota amháin níor fhág e. Bhí sé go h-iomlan agus nuair a chuaidh sé isteach.
Nuair a tháinig mé amac bhí mó uncal ag gáiridhe agu arsa seisean “Anois bhfuil sé briste”
Bhí iongantas milteannach orm fein agus ariamh indiaidh sin chréid me anns na daoiní beaga(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán P. Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Oide (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)