Scoil: Áth na gCoire
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán P. Ó Gallchobhair
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 275](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1057%2FCBES_1057_275.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 275
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Áth na gCoire
- XML Leathanach 275
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go bhfacaidh siad an áit ar cuireadh an seandhuine. An oidhche sin tamall indiaidh dul a sholus do dimthigh an bheirt agus ní thearn siad stad no comhnaidhe go raibh siad sa roilig. D’fhosgail siad an uaigh, thug aníos an mala agus thoisig ag bríseadh na cno le iad no cuid aca ithe. Nuair a bhí siad tamall a ithe thoisig fear aca a roinnt agus deirfeadh sin ceann duitse agus seo ceann damhsa ceann duinse ceann damhsa, ceann duitse ceann damhsa agus do reir sin. Ce bhí dul thart taobh amuigh de’n bhalla acht stocach og agus [chualleidh]? sé an beirt istoigh agus arsa seisean leis fein sin Dia agus an Diabhail ata annsin. Dimthigh se leis, chuaidh isteach sa chead teach a casadh air agus dubhairt go raibh Dia agus an Diabhal san roilic ag roinnt na corpanna. Bhí bean san teach seo nac raibh an siubhal go ró mhaith aici no bhí sí ag leigint sin uirthí ar scor ar bith agus ar shiubhal léithi sa agus a fear go dtí an roilig i cuideachta an stocac a tháinig isteach go bfeichfeadh siad an le Dia no leis an Diabhal a bhí na daoiní a fuair bas as an teach a dhul.
Anois nuair a chuaidh an stocach thart ag taobh na roilige bhí na gaduidheannaí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán P. Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Oide (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)