Scoil: Mín an Tóiteáin
- Suíomh:
- Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Conall Mac Cuinneagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Tóiteáin
- XML Leathanach 603
- XML “Séanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Am amháin bhí gasur ann agus Seaghan Uá Baoighill a b’ainm do bhí a athair agus a mhathair iongantach bocht. Cuireadh Seaghan ar fastac i gcondae Thir Eoghain ac nior thaitin an ait leis agus phill sé na bhaile arais. Ar a bhealach na bhaile tháinig an oidhche air agus chuaidh sé ar seachran bhí sé ag dul thart le crann ionghantach ard agus chuaidh sé suas ar an chrann go bfeicfeadh sé an rabh solas le feiceal in ait ar bith.
Le sin chonnaic sé solas i bfad uaid d’imthigh sé leis agus nior stad se go rabh sé ag an solas chuaidh sé isteach. Bhí capall geal ban ceangailte ins an ceann ioctarach de’n toigh agus bhí sgaifte de fir nach rabh nios airde na fod monad na suuidhe thart fa’n teinidh. Mile failte romat a Sheaghain Ua Baoighill arsa gac fear de na fir. Shuidh siad uilig thart ar an teinidh i gcionn tamaill dubhairt na fir go gcaithfeadh siad a dhul amach na coillidh fa choinne adhmadh. Cía a fhanocas astoigh ag an capall assa fear amháin acá ma imthigheann muid uilig doighthear an capall sa teinidh. Cía a fanochadh astoig ach Seaghan Ua Baoighill arsa na fir eile ní leigfeadh an eagla do Sheaghan cur suas do fhanact astoig.
Maith go leor arsan fear eile anois a Sheaghain arsa eisean ma bhíonn ribhe amháin doigte san capall teacht arais dúine beidh daor ort annsin d’imthigh siad amach. Bhí Seaghan comh tuirseach sin gur thuit sé na codhladh agus an cead rud a mhusgail é boladh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seaghan Ua Cealbhaighe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Brocacha, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Pádraig O Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Brocacha, Co. Dhún na nGall