Scoil: Mín an Tóiteáin
- Suíomh:
- Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Conall Mac Cuinneagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Tóiteáin
- XML Leathanach 417
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean Sgéal.
Am ámhain bhí sean lanámhain ann, agus bhí siad na gcomhnuidhe i Loch-A Iubhar, agus Éoin Ó’Baoighill a bhí ar an fear. Bhí teaghlach mór aca agus ní rabh bó ar bith aca. Oidhche ámhain aonaigh tháinig bó go dtí an teach. D’iarr an bhean ar an fhear an bhó a chur isteach. D’éirigh an fear agus chuir sé isteach an bhó agus bhligh sé í. Nuair a d’éirigh an fear ar maidín bhí gámhain og ag an bhó. Lá ámhain nuair a bhí an fear ag cur préataí. Nuair a thiochfadh an fear isteach ‘un a dhinneara bhéadh an t-eallach isteach na páirce na dhiaidh. Lá amháin tháinig fearg air agus dubhairt sé. An fear a cuir chugam sibh” go dtugaidh sé uaim sibh”. Le sin d’éirigh an fear i lár an Oileain agus dubhairt sé, “Teith, Teith, A Mhaoil Óir a laogh mhór go gamhain. Thog an bhó a ruball agus d’imhtigh sí fhéin agus na seacht gamhna amach as amharch go dtí an T-Óilean agus ní fhacthas í ariamh níos mó.- Bailitheoir
- Sighle Nic Suibhne
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Brighid Nic Suibhne
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall