Scoil: Cathair Seircín, Inis Tíomáin (uimhir rolla 5186)

Suíomh:
Cathair Seircín, Co. an Chláir
Múinteoir:
-

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Toibreacha Beannaithe

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 328

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

TOBAR NAOMH BÉHAN

Tá an toabr seo suidhte i gCathairseircín cúpla cead slat óm thig. Tá sé i lár páirce timcheall ceathrú míle ón mbóthar agus ceithre míle ó Innisdíomáin. Tá falla cloch timcheall an tobair agus tá bláthanna deasa ag fás in aice leis.
Tá an t-uisge go h-an-mhaith chun é cimilt le súile go mbíonn lag radharc ionnta. Deintear turas ann trí h-uaire dá Domhnach agus Daordaoin nó dá Daordaoin agus Domhnach agus le linn gach turas deirtear Gníomh Creidimh, Ár n-Athair agus Go mbeannuightear duit a Mhuire ag dul timcheall an tobair agus Ár n-Athair uair amháin; Go mbeannuightear duit a Mhuire cúig uaire agus Glóire uair amháin; ; ós chómhair an tobair. Annsan tógtar trí braonacha den uisge agus bíonn an turas críochnuighte.
Uair amháin do tháinig fás de saghas éigin i súil fhir sa chomharsanacht . Mícéal Ó Dálaig ab ainm dó. Chuaidh sé go dtí an tobar agus dúbhairt sé cúpla paidreacha. Nuair d'eirig sé chun imtheachta do chimil sé an t-uisge le na shúil - agus cad do thárla an dóigh leat ach do thuit an fás ón a shúil isteach sa tobar.
Lá breágh brothallach sa Samhradh cúpla bliadhan ó shoin nuair a bhí an tuisge an gann

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Bríghid Ní Orgáin
Inscne
baineann
Faisnéiseoir
Cáit Bean Ní Chonóil
Inscne
baineann
Seoladh
Cathair Seircín, Co. an Chláir
Teanga
Gaeilge