Fadó do bhí a lán liosanna annso agus annsúd ar fúd na tíre ach níl fághta díobh anois ach árdáin beaga ós cionn na talman. Bíonn na hárdáin sin go breágh glas i gcómhnuidhe sa samhradh agus sa Gheimhreadh agus de ghnáth bíonn droighin dubh ag fás ins an lios nó in aice leis.
Tá sean-lios i gCathairseircín cúpla cead slat óm thig-se. Tá sé in áirde ar chnoc agus tá sé timcheall ceathramhadh míle ón mbóthar. Tá trí liosanna eile le feiscint uaidh, ceann acu siar cean eile soir agus an ceann eile ó dheas. Deirtear gurb é an fáth go mbíodh na liosanna deanta chómh gairid dá chéile ná dá n-ionnsuigheadh aoinne ceann acu go mbeadh na ndaoine eile i ngioracht chun cabhair a thabhairt dó. Dá mbeadh aon trioblóid ar na daoine lasfadh síad teine taobh amuigh de'n dún agus cífeadh a gcáirde an teine láithreach agus tiocfadh síad i gcabair dhóibh.
Tá sean-sceul deas ag gábháil leis an lios. Bhí fear dárb ainm dó Padruig Ó Chuinn in a chómhnuidhe i gCeathrú timcheall míle ón lios agus bhí sé pósta le Bríghid Ní Beataig cailín ó Cathairseircín go raibh a tig an-gairid don sean-lios. Ní raibh de chláinn acu ach aon cailín amháin agus nuair a bhí sí an-óg fuair a máthair bás. Nuair bhí an cailín sé bliadhna d'aois bhí sí amuig sa gáirdín lá amháin ag súgradh agus tháinig bean suas cuicí agus dúbhairt sí léi gurb í a máthair a bhí ann agus ná raibh sí marbh in aon chor, go raibh sí istig ins an lios in aice le na thig féin i gCathairseircín agus dúbhairt sí dá dtiocfadh athair an chailín
(leanann ar an chéad leathanach eile)