Scoil: Cathair Seircín, Inis Tíomáin (uimhir rolla 5186)

Suíomh:
Cathair Seircín, Co. an Chláir
Múinteoir:
-

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Stoirmeacha

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 318

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Nuair a bhíonn na lacain agus na géanna ag eitilt i gcoinnibh na gaoithe, nó nuair a bhíonn an madra ag imtheacht agus a cheann san aer, nó nuair a bíonn madra gaoithe le feiscint sa spéir nó nuair a cítear an cat ag scríobadh trosgáin (?) a tíghe is comhartaí íad san go léir go bhfuil storm ag téacht.


Bhí storm an-mhór ann oidhche an 6adh lá d'Eanair 1839 agus tugtar "Oidhche na Gaoithe Moire" ar an oidhche sin ó shoin. Do dhein sé a lán díoghbháile timcheall na háite seo. Do bhí fear dárb ainm dó Pádruig Ó Ceallacáin in a chómhnuidhe in aice ár dtig-ne i gCathairseircín agus timcheall a hocht a' chlog tháinig sé amach go dtí mo shean-athair ar ragarna. Nuair a bhí sé ag teacht do séidh an gaoth ceann des na clocha móra a bhí ar stuadh a thíghe féin as a áit agus ba bheag ná gur thuit sé anuas air. Nuair a tháinig sé isteach thosnuig sé ag innsint an scéil dhóibh agus dúbhairt sé. "Ní marbhócair coidhche mé nuair nár marbuigheadh anocht mé." D'fan sé timcheall uair agus do chuaidh sé abhaile arís. Annsan tháinig eagla air go dtuitfadh falla an tíghe anuas ar an dhá bhuin a bhí ceangailte istig i mbothán a bhí as an dtig agus chuaidh sé amach arís chun íad do thíomáin amach sa páirc ach "Slán beó mar a n'innstear é" díreach nuair a bhí sé á dtiomáint do thuit an falla agus do marbuigheadh é féin agus na h-ainmhidhthe.
Do bhí bean in a cómhnaidhe i Sráid na Cathrach agus chuaidh sí amach "Oidhche na Gaoithe Móire" chun rud éigin do dhéanamh agus do scuabhadh an clócha dí, agus seactmhain in a dhiaidh sin fuaireadh an clócha i dTiobrad Árann. Do scaipeadh cruacaí féir agus arbhair ar fúd na tíre, agus do tháinig an t-uisge guirt ó Leacht Uí Chonchubhair chómh fada i dtír le Cathairseircín.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Bríghid Ní Orgáin
Inscne
baineann
Faisnéiseoir
Cáit Bean Uí Conóil
Inscne
baineann
Seoladh
Cathair Seircín, Co. an Chláir
Teanga
Gaeilge