School: Cathair Seircín, Inis Tíomáin (roll number 5186)

Location:
Cahersherkin, Co. Clare
Teacher:
-
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 319

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 319

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cathair Seircín, Inis Tíomáin
  2. XML Page 319
  3. XML “Stoirmeacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sé sin timcheall sé míle. Do bhí líon-tighe dárb ainm dóibh Angleum in a gcómhnuidhe i gCathairseircín agus do bhí an gaoth ag séidheadh an díon as an dtig. Do chuaidh an fear amach agus do bhí sé ag sáith scoilb ins an dtuighe chun é do choiméad agus de réir mar bhí sé ag sáith na scolb chonnaic sé fear eile in áirde ar an dtig agus é á bpiocadh arís. Tháinig eagla air mar ceap sé gur spriodh an stuirm a bhí ann agus do chuaidh sé isteach abhaile. Do bhí storm mór eile ann oidhche an 25adh lá d'Feabhra 1903 agus do séideadh an tuighe as díon a lán tighthe agus do scaipeadh fear agus arbhair ar fúd na tíre.
    Oidhche Nodlag 1893 do thuit teintreach ar tein-aoil Uí Dhálaig i gCathairseircín agus do dhóigh sé é. Do critheadh na tighte ins an cómharsanacht an oidhche sin. I Meitheamh na bliadhna 1927 do thuit teintreach ar falla i bpáirc Uí O Horgáin. agus do dhóigh sé é. Mí Eanair 1909 do tháinig an teintreach isteach doras tighe Michíl Uí Comhraidhe. Chuaidh sé isteach ins an bpárlús annsan agus do leag sé na pictiúirí go léir a bhí ag chrocadh ar na fallaí ach amháin na pictiúirí beannuighthe. Chuaidh sé isteach ins an seomra codalta annsan a bhí taobh tiar de'n párlús. Do bhí Miceál in a codlad sa leaba agus do dhóigh an teintreach a bhraoithe agus gruaig a chinn agus níor thárla. Do chuaidh sé amach tríd an falla agus do sgoilt sé é. I Feabhra na bliadhna 1915 do bhí fear dárb ainm dó Micéal Ó Éigean, a bhí in a chómhnuidhe i Knocknagraga timcheall míle ó Chathairseircín, in a shuidhe cois na teine Domhnach áirithe tar éis an Aifrinn. Do bhí beirt cómharsain in éinfheacht leis agus do bhí sé ag teasbáint dóibh ráin nua a bhí aige. Tháinig an teintreach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Ní Orgáin
    Gender
    Female
    Informant
    Cáit Bean Uí Conóil
    Gender
    Female
    Address
    Cahersherkin, Co. Clare