Scoil: Cathair Seircín, Inis Tíomáin (uimhir rolla 5186)

Suíomh:
Cahersherkin, Co. Clare
Múinteoir:
-
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 349

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 349

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cathair Seircín, Inis Tíomáin
  2. XML Leathanach 349
  3. XML “Na Seandaoine”
  4. XML “Scéal Eile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    leabhair úrnaighe. Bhíodh sé mar nós ag an mnaoi, tobac do chaitheamh, agus nuair bhí fear an tighe imthighthe chun na rudaí d'fhághail do'n tórramh, do chuir cúpla fear píopa agus é ar dearg-lasadh isteach in a béal chun spóirt do dhéanamh. Nuair tháinig bean des na comharsanaibh isteach bhí sí ar buile do'n na daoine adubhairt go raibh an bhean marbh. Isé a dubhairt sí leis an mnaoi ná, "Ó, a bhean ní'l tú marbh in-aon chor ach ag caitheamh do phíopa mar ba ghnáth". Ach i gceann tamaill fuair sí amach go raibh an bhean marbh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Sgéal eile.
    Bhí fear eile im' chomhursanacht féin agus bhí sé céád bliadhna d'aois sul a bhfuair sé bás.Seán Ó Lochlann dob ainm dó ,agus sul a bhfuair sé bás bhí sé gan aithne gan urlabhra ar feadh trí lá.Uair amháin bhí créacht ar bharr a chinn ,agus oidhche agus é na chodladh thainig franncach mór agus bhain píosa den gcreacht leis ,mar is maith leis na franncaigh an fuil.Nuair dhúisigh an fear ar maidin leig sé sgread as ,agus d'éirigh a bhean agus a mhac Séamus ,agus fuaireadaar dhá bhata agus bhí an -duadha an cuid eile den oidhche acu ag iarraidh an franncach a choiméad amuigh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    2. agents (~1)
      1. animal-lore (~1,185)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Mhaoldhomhnaigh
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Mhaoldhomhnaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ballagh, Co. Clare