School: Cathair Seircín, Inis Tíomáin (roll number 5186)
- Location:
- Cahersherkin, Co. Clare
- Teacher: -
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- TOBAR NAOMH BÉHANTá an toabr seo suidhte i gCathairseircín cúpla cead slat óm thig. Tá sé i lár páirce timcheall ceathrú míle ón mbóthar agus ceithre míle ó Innisdíomáin. Tá falla cloch timcheall an tobair agus tá bláthanna deasa ag fás in aice leis.Tá an t-uisge go h-an-mhaith chun é cimilt le súile go mbíonn lag radharc ionnta. Deintear turas ann trí h-uaire dá Domhnach agus Daordaoin nó dá Daordaoin agus Domhnach agus le linn gach turas deirtear Gníomh Creidimh, Ár n-Athair agus Go mbeannuightear duit a Mhuire ag dul timcheall an tobair agus Ár n-Athair uair amháin; Go mbeannuightear duit a Mhuire cúig uaire agus Glóire uair amháin; ; ós chómhair an tobair. Annsan tógtar trí braonacha den uisge agus bíonn an turas críochnuighte.Uair amháin do tháinig fás de saghas éigin i súil fhir sa chomharsanacht . Mícéal Ó Dálaig ab ainm dó. Chuaidh sé go dtí an tobar agus dúbhairt sé cúpla paidreacha. Nuair d'eirig sé chun imtheachta do chimil sé an t-uisge le na shúil - agus cad do thárla an dóigh leat ach do thuit an fás ón a shúil isteach sa tobar.Lá breágh brothallach sa Samhradh cúpla bliadhan ó shoin nuair a bhí an tuisge an gann(continues on next page)
- Collector
- Bríghid Ní Orgáin
- Gender
- Female
- Informant
- Cáit Bean Ní Chonóil
- Gender
- Female
- Address
- Cahersherkin, Co. Clare