School: Cathair Seircín, Inis Tíomáin (roll number 5186)
- Location:
- Cahersherkin, Co. Clare
- Teacher: -
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá an tobar seo suidthe, timcheall míle taobh thuas de Chillfhionabhrach. Tá falla íseal tímcheall air, ach níl sé ró dhoimhin. Tá leigheas ann do súilibh breóite, má deintear cúpla turais tímcheall air ag guidhe. Fágann aoinne a théigheann ann, rud éigin naomhtha inaice leis, mar, bonn nó cros déanta d'óir nó d'airgid, agus mar sin de. Tá aithne agam ar a lán daoine a chuaidh ann, agus nior tháinigh aon breóiteacht ar a súilibh ó shoin. Is dóigh liom, gurab naomh darab ainm Cáimín, a chuir ar bun é, na céadta bliain ó shoin.
TOBAR NAOMH BÉTHAN
i gCathairseircín, tuairim ceithre míle ó Inistíomáin. Tá sí i lár páirce tímcheall ceithre céad slat ó'n mbóthar, agus tá falla déanta de chlocaibh tímcheall air. Tá leigheas ann do súilibh breóite leis, agus sé Naomh Béthan a chuir ar bun é.
TOBAR NAOMH ÁUGAISTÍN
Tá an ceann seo i gCill Seannuigh, agus dob é Naomh Áugaistín a chuir ar bun é, sa tsean aimsir. Tá leigheas ann do'n fhiabhrais dearg, agus mar sin, ní chuireann na daoine ins an pharóiste 'na bhfuil sé, capall fé chairt an lá sin cun obair a dhéanamh, mar do leasuigheadh mórán daoine, nuair a bhí an galair uathbhásach sin ann.(continues on next page)- Collector
- Peadar Mac Cormac
- Gender
- Male
- Informant
- Peadar Mac Cormac
- Gender
- Male
- Address
- Tullagh Upper, Co. Clare