Scoil: Cathair Seircín, Inis Tíomáin (uimhir rolla 5186)

Suíomh:
Cathair Seircín, Co. an Chláir
Múinteoir:
-
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 345

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 345

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cathair Seircín, Inis Tíomáin
  2. XML Leathanach 345
  3. XML “Stampaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 345
    Stampaí
    Ba mhór an obair i measg na ndaoine fadó deanamh an stampaí.Bíadh maith foláin dob ead é agus bhí dúil mór ag na sean-daoine ann.
    I mí Deireadh Fóghmhar a dheanadh síad é nuair a bhiodh na prátaí bainte acu.An uair sin do bhíodh na prátaí bainte aca.aan uair sin bhíodh miothal ag gach feirmeóir ag baint na bprátaí ,nuair a bhiodh siad á bpiucadh coiméadadh síad cúpla cloch de na cínn dob fhearr chun an stampaí do dheanamh.Annsan d'fanadh síad ag an tig ist oidhche agus deanadh síad é.Ar dtúis nígheadh síad na prátaí go maith.Annsan géideadh sÍad a lán boscaí stain agus leathadh síad amach ar an mbórd íad.cuireadh síad a lán poll ar taobh de'n stáin agus annsan bhíodh an taobh eile an garbh.Annsan scrábhadh síad na prátaí ar a chéile leis an stáin garbh.Deanfadh síad taobh den bhóird níos aoirde ná an taobheile agus chuireadh síad na prátaí isteach i mála plúr a bhíodh nighte go maith agus thógadh siad an stailc agus an uisge go léir asta.Ritheadh an stailc thar an mbóird go dtí an taobh is ísle agus isteach i dtubán nó in aon áthrach eile a bhíodh fághta ann chun é a thógaint .
    Tareis é sin thosnúigidís ag deanamh na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. táirgí
      1. táirgí bia (~3,601)
        1. arán (~2,063)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Chonghaile
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Labhrás Ó Conghaile
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Cheathrú Chlochach, Co. an Chláir