Scoil: Cathair Seircín, Inis Tíomáin (uimhir rolla 5186)

Suíomh:
Cathair Seircín, Co. an Chláir
Múinteoir:
-

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Seanfhocail

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 313

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

313
Sean-Fhocail.
1.Níl aon teinteán mar do theinteán fein.
2.Is giorra cabhair Dé na an doras.
3.Tosach ceatha ceo is deire catha gleó.
4.Is maith an tíománuidhe an té a bhíos ar an gchlaidhe.
5.Is maith súgh bó beo ná marbh.
6.Bíonn adharca ar na buaibh thar lear.
7.Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
8.Is deacair ceann críonna do chuir ar ghuailnibh óga.
9.Ritheann uisgí doimhne go ciúin.
10.Is fearr go mall ná go brách.
11.Is fearr an tslainte ná na táinte.
12 Marbh ag tae agus marbh gan é.
13.Is treise dúthchas ná oileamhaint.
14 Sí an dias is truime is ísle a chromas a cheann.
15.Ní hé an bhean is áilne is truime ciall.
16 An té is mó cainnt sé is lugha obair.
17.An cogadh ba mó riamh tháinig duine slán as.
18.Ni dhéanfadh an saoghal capall rása d'asal.
19.D'ólfadh sé loch Éirne -dá mbeadh soc caol air.
20. Is maith an bean cáithche í an ghaoth.
21.Is fearr lúbadh na briseadh.
22.Is fearr rith maith na droch-seasamh.
23.Tar éis a dhéanta tuigtear gach beart.
24.Éist le fuaim na habhann agus geobhaidh tú brac.
25 Ní bhíonn tréan buan.
26.Duine gan dinnéar -beirt gan súipeár.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Bríghid Ní Orgáin
Inscne
baineann
Faisnéiseoir
Pádraig Ó hOrgáin
Inscne
fireann
Faisnéiseoir
Cáit Bean Uí Chonóil
Inscne
baineann
Seoladh
Cathair Seircín, Co. an Chláir
Teanga
Gaeilge