Scoil: Cathair Seircín, Inis Tíomáin (uimhir rolla 5186)
- Suíomh:
- Cathair Seircín, Co. an Chláir
- Múinteoir: -

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 369
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 369
1 Ní fuil na cnámh é ach fuil is feoil a d'fhás.
Freagra -cleitwe.
2.Uigí Uagaí sa chlaidhe Uigí Uagaí amach ón gclaidhe .Dá mbainthea le Uigí Uagaí ,bhainfadh Uigí Uagaí leat ó chroidhe.
Freagra -Beach.
3.Bairrle ar an dthraigh agus a dhá ceann dúnta.
Freagra =Ubh.
4.Tháinig sé isterach ar guailnibh daoine .Is chuaidh sé amach mar snáithín síoda.
Freagra =Móin.
5.Tá rud orm agus níl sé trom ort ach tá sé orm aon tslighe.Freagra =M'ainm.
6.Téigheann sí anonn gan bád gan long ,agus tagann sé anall go córach deas.Freagra=Cubhrán bán tuinne.
7.Tigh beag deas idir dhá sgailp gan teineadh gan deatach 'na timceall mar a ragfá isteach ní thiocfá amach gan bheith te do dochaint. Freagra =Corcóg.
8.Droicheada sa loch gan adhmaid gan cloch.Freagra =Leac oidhrer.
9.Chím-se é ,is ní fheiceann tú é agus is goire duit -se ná domhsa.Freagra =Cul co chinn.
10 Chím chúghaim anois anall inghean an rí go tirm teann ,Fáinne óir ar bhárr a baise is cúl a coise tré na ceann.Freagra =Tuagh.
11.Do ritheas is do fuaireas ,do stadas is do cuarduigheas .Dá bhfaghainn é ní tuibhrainn liom é ,acht ó ná fuaras ,do thugas.Freagra=Dealg im chois.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Luanaigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máirtín Riain
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Mór, Co. an Chláir