School: Cathair Seircín, Inis Tíomáin (roll number 5186)
- Location:
- Cathair Seircín, Co. an Chláir
- Teacher: -
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)370
12.Ceathrar ag rith ,ceathrar ag crith,
beirt ar an gcarraigbeirt ag faire ,agus muc an giobhacáin ag rith 'na ndiaidh.Freagra = Bó ag rith.
13.Molt mór, dubh, donn,istigh idir dhá bleana ;Nuair a bhogann molt mór, dubh, donn,bogann an da gleann.Freagra =Asal agus dha chliabh air.
14.Dhá ghé roimh gé ,dhá ghé i ndiaidh gé ,gé idir dhá gé ,an mó gé é sin.Freagra =trí ghéanna.
15.Do chuaidh beirt de Mhuintir Chró,ag baint slat lá ceoidh,An tslat a bhaineadar caiteadar uatha í,is an tslat nár bhainead thugadar leo.Freagra=Dhá phreáchán ag piocadh cleiti astu féin.
16.Lán na páirce de gamhnaibh bhána ,is gamhainín dearg eatartha 'istigh.Freagra =Na fiacla agus an teanga.
17.Tá sí thoir,tá sí thiar ,tá sí i ngairdín Bhaile Áth Cliath ,Is mó a greim ná greim na greim capaill ,Is ní b'aiseansí biadh.Freagra =Speal.
18.Cuas suas bóithrín ,thanga anuas bóithrín,Is thugas an bóithrín liom ar mo dhrom.Freagra = Dréimire.
19.Fear fada glégeal ,is crios da thaobh air .Freagra =Punnann coirce.
20.Do bhí sé ag corruighe is ag corruighe Is níor chorruigh sé riamh as an áit .Freagra=Earball na muice.
21.Teachtaire ag rith idir dhá thigh is bíonn se amuigh istoidhche. Freagra =Cosán- Collector
- Pádraig Ó Luanaigh
- Gender
- Male
- Informant
- Máirtín Riain
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Male
- Address
- Doire Mór, Co. an Chláir