Scoil: Cathair Seircín, Inis Tíomáin (uimhir rolla 5186)

Suíomh:
Cathair Seircín, Co. an Chláir
Múinteoir:
-
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 308

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 308

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cathair Seircín, Inis Tíomáin
  2. XML Leathanach 308
  3. XML “Naomh Máirtín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    dá dtiocfadh sí as. Bhí go maith is ní raibh go holc. Do tháinig an mhuc slán ach má tháinig féin tháinig athrú aigne ar an bhfear agus dubhairt sé lena mhac go ndíolfadh sé an muc. Bhí brón mór ar Tóne agus ní raibh a fhios aige cad ba cheart dó a dhéanamh. D'innis sé an sceul do chómharsa éigin agus níl fhios againn cad dúbhairt sé siúd ach is deallamhrach gur sásamh sé an buachaill óg. An oidhche sin nuair a bhí athair Tóne in a chodhladh tháinig guth taobh amuigh de'n bhfuinneóig agus nuair a d'fhiafruigh sé dhe cé bhí ann sé seo an freagra a fuair sé:
    "Mise Máirtín fear na bhFionn,
    Cuirim dúil ins gach feol
    Mara marbhuigheann tusa an muc bán
    Marbhóchaidh mise do mhac Tóne"
    Nuair a d'airigh an fear an méid sin cheap sé gur Naomh Máirtín a bhí ann agus chomh luath agus d'eirigh sé maidin lá ar na mháireach do mharbh sé an muc. Do bhí Tóne an-shásta leis féin annsan ach níor innis sé dó riamh gur é an chómharsa a tháinig go dtí an bhfuinneóig an oidhche sin agus gurb é féin a bhí cionntach lena theacht.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Féile Mártain (~177)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Orgáin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Cáit Ní Chonóil
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cathair Seircín, Co. an Chláir