Scoil: Cathair Seircín, Inis Tíomáin (uimhir rolla 5186)
- Suíomh:
- Cathair Seircín, Co. an Chláir
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go dtí cúl dorais an leasa ar a dó-dheag a chlog Oidhche Shamhna go mbeadh sí ann agus go dtiocfadh sí abhaile leis. D'innis an cailín an sceul dá hathair agus do shocruig sé go raghadh sé go dtí an áit agus go dtabharfadh sé i abhaile. Ach nuair a tháinig an oidhche do chaill an fear a mhisneach - meathcacháin do beadh é is dócha, - agus níor chuaidh sé in aon chor agus deirtear go bhfuil a chéile san lios fós.Bhí tarrachán de driosúr, bríste fir, agus píopa fághta ar uachtar an leasa maidin amháin timcheall caogadh bliadhan ó shoin. Ní raibh fhios ag éinne conus a tháinig síád ann. Lá amháin do buail fear bocht an treó, chonnaic sé an bríste thóg sé é agus d'imthig sé a shlíghe. Níor tháinig sé ar ais arís agus do tháinig an bríste, ní raibh a fhios ag éinne cathain ná conus a tháinig sé, ach bhí sé le feiscint ins an ionad céadhna arís tar éis cúpla uaire. Tar éis ráithe nó mar sin chuaidh mo shean-athair go dtí an lios agus ní raibh táisg ná tuairisg den bríste ná den tarrachán ná den píopa le feiscint.D'innis Bean Uí Béicig dom go raibh sí féin in a suidhe go moc maidin breag Iúil timcheall fiche bliadhain ó shoin. Nuair a bhí a breicfeast ithte aici chuaidh sí amach agus do thíomáin sí na ba isteach sa bhóitheach. Nuair a bhí sí ag téacht amach as an mbothán chonnaic sí bhean d'arb ainm dí Bean Uí Cuinn ó Ceathrú ag gábháil an treó agus bhí sí ag déunamh ar an lios. Bhí cóta de phlinnín dearg uirthí agus bhí seal de'n adhbhair céadhna timcheall a cinn. I rith an lae bhí Bean Uí Béicig ag cuimhneamh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bríghid Ní Orgáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Uí Chonóil
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cathair Seircín, Co. an Chláir