TOBAR NAOMH BÉHAN Tá an toabr seo suidhte i gCathairseircín cúpla cead slat óm thig. Tá sé i lár páirce timcheall ceathrú míle ón mbóthar agus ceithre míle ó Innisdíomáin. Tá falla cloch timcheall an tobair agus tá bláthanna deasa ag fás in aice leis. Tá an t-uisge go h-an-mhaith chun é cimilt le súile go mbíonn lag radharc ionnta. Deintear turas ann trí h-uaire dá Domhnach agus Daordaoin nó dá Daordaoin agus Domhnach agus le linn gach turas deirtear Gníomh Creidimh, Ár n-Athair agus Go mbeannuightear duit a Mhuire ag dul timcheall an tobair agus Ár n-Athair uair amháin; Go mbeannuightear duit a Mhuire cúig uaire agus Glóire uair amháin; ; ós chómhair an tobair. Annsan tógtar trí braonacha den uisge agus bíonn an turas críochnuighte. Uair amháin do tháinig fás de saghas éigin i súil fhir sa chomharsanacht . Mícéal Ó Dálaig ab ainm dó. Chuaidh sé go dtí an tobar agus dúbhairt sé cúpla paidreacha. Nuair d'eirig sé chun imtheachta do chimil sé an t-uisge le na shúil - agus cad do thárla an dóigh leat ach do thuit an fás ón a shúil isteach sa tobar. Lá breágh brothallach sa Samhradh cúpla bliadhan ó shoin nuair a bhí an tuisge an gannAn Dothra Bheag