Scoil: Gortown, Cill Seanaigh (uimhir rolla 14238)

Suíomh:
Baile Mhic Cráibhín, Co. an Chláir
Múinteoir:
M. Mac an Airchinnigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0617, Leathanach 336

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0617, Leathanach 336

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gortown, Cill Seanaigh
  2. XML Leathanach 336
  3. XML “Rith na bPortach”
  4. XML “An Reilig”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 336
    Rith na bPortach

    Thárla tímcheall caogad blian ó shoin go raibh duine úasal dárbh ainm dó Finnin a chómnuidhe i bparóiste Cill Seannaigh .Bhí portach in a sheilbh aige .Blían ana báistiúil dob' eadh an blían céadna.D'éirigh tiilte ins gach áit .Bhí tuile árd sa phortach seo.Sciobadh an portach chómh fada síos le Cathairadubh sin baile fearainn eile sa pharóiste.Rinneadh mórán díoghbhála mar do leagadh tígthe agus cranaibh agus fágadh loch in áit ar a dtugtar lough indiú.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    2. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Críocháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile an Ghadaí Thiar, Co. an Chláir
  2. An Reilig
    Is gnáth anois reilig do bheith in gach paróiste chun corpaibh muinntir na háite do chur ann .Tá reilig breágh fairsing againn i gCill Seannaigh. Deirtear go bhfuil timceall dhá céad úaig ar fad ann.Cuma druilleanógach atá air.Is féidir na húaigheanna éagsumhla d'aithint go héasgaidhe mar
    tá cinn cloch éirighte súas ar tosach gach uaighbeagnach ag taisbeánt ainmneacha na daoine ata curtha san áit speiceálta.
    Tá fothracha de sean Eaglais le feiceál
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.