Scoil: Dubhlinn (B.), Inis (uimhir rolla 4870)

Suíomh:
Dúlainn, Co. an Chláir
Múinteoir:
Tadhg Ó Seasnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0617, Leathanach 112

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0617, Leathanach 112

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dubhlinn (B.), Inis
  2. XML Leathanach 112
  3. XML “An Ghaoth Mhór”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhi gaoth ann fado. Do leagadh tigthe agus cruacha. Do rith na daoine as a dtighthe go dti an portac mar bhi eagla ortha. Thainig an fharraige go dti Atan Bhothair. Ni raibh na cruaca ceangailte cho maith leis na cruaca ata ann anois. Do thog an gaoth trucaill le Miceal O Laitbheartaigh agus d'fhag se in aice le tig Padraig Mac Giolla Padraig. Nior fag se cruac feir in a seasam. Bhi moran bad agus long caillte. Ins an 6 adh la Eanaire 1839 d'eirig an stoirm mhor. Bhi se co mhor sin gur sciob se na tigte agus na cranna roimpi. Do cuir se crith mor insa na daoinib o shin tract na daoine ar an oidhce sin in ar oidhche na gaoithe moire. Bhi obair blianta ag na Siuineiri ag deanam thigte dos na daoine. Do bhi a lan iasc in-aice caislean dun Mac Phelim. Cuaidh an farraige isteac tigh Jer Conole agus do leag se an tigh agus thuit an dion ar ceithre ba agus do marb an dion na ceithre ba agus aon capall.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. próisis agus feiniméin
      1. gaotha (~357)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seamus De Longe
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cronagort West, Co. an Chláir
    Faisnéiseoir
    Mícheál De Longe
    Inscne
    Fireann
    Aois
    56
    Seoladh
    Cronagort West, Co. an Chláir