Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Thánaig bean isteach agus leanbh na baclainn aici. D'iarr si braoinín bainne i gcoir an leinbh ar bhean an thighe agus dhiúltuigheadh di é. Annsan d'imthigh sí. Dubhairt bean an thighe gur ait an rud stróinséar mar í a theacht idtír agus an taoide istigh. D'oscaileadar an cúl doras agus do chonnaiceadar an bean ag dul isteach sa lios.Tamall 'na dhiaidh sin do chuaidheadar go dtí an bhainne agus cad do chonnaiceadar ann ach tubán uachtair agus é go léír doirte ar an úrlár. Annsan do thuigeadar ná bhean (?) abhí innte in aon chor ach bean Sídhe ón lios. Protastúnaigh ba eadh Sealbhathóirí an oileaín an t-am sin ach mar sin féin ón lá sin go dtí an lá a fuair sí bás níor dhiúltuigh an mhaighistereas aon duine a bheadh ar lorg déirce.
- Faisnéiseoir
- Connor Mac Eochaidh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Gairm bheatha
- Siopadóir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir