Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)

Suíomh:
Cill an Dísirt, Co. an Chláir
Múinteoir:
Máire Mac Eochaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0604, Leathanach 264

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0604, Leathanach 264

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill an Dísirt (C.)
  2. XML Leathanach 264
  3. XML “Béaloideas - Daoine Cáiliúla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear saidbhir 'na chomhbnaidhe i Leac na Sionnach cúpla bliadhain ó shoin darbh ainm O'Conaill. Bhí alán airgid i gcúirt an dlighe. Tugadh an t-airgead dó nuair abhí sé 21 de bhliadhanta. D'athruigh sé a ainm do Bhianconi chun airgid a mhathar d'fhághail. Do shiolruigh sé ó Dhomhnall O'Conaill. Inghean do Bhianconi an t-Éadálac a chur cárraí ag triail ó cheann go ceann na tíre ba eadh a mhathair. Nuair a bhí sí ag fághail bháis d'fhág sí a cuid airgid dá mac ar coingheall go n-athróchadh sé a ainm do Bhianconi.
    Bhí 94 acra talmhan aige agus tigh comhnuighthe ann ag Leac na Sionnach. Bhíod a lán fear oibre aige ag tógáil gach sórt oibreacha cloiche. Fear reamhair ba eadh é agus bhí a chroidhe lag. D'fhág sé an tigh álainn i mBaile Léana agus thánaig sé go Leac na Sionnach agus do chomhnuigh go ré ann i dtigh feirmeóra.
    Fear cneasta ba eadh é. Ciall sé radhairc a leath shúile sul a fuair sé bás. Bhí ceathrar ingheana aige ach ní raibh aon mac aige. Do bhí tréan ag rith tré a chuid talmhan. Do chaith sé a chuid airgid i gCill-an-Dísirt. D'éirigh cuid de na ropadóiríbh ana shaidhbhir mar gheall ar sin. Bhíodh péirreach beithidheach aige ag treabhadh agus ag tarraingt ualach ó chéadh Cill-an-Dísirt mar bhí bád
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Bhriain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Crodh Bhreacháin, Co. an Chláir
    Faisnéiseoir
    Seóirse Ó Briain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    45
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Crodh Bhreacháin, Co. an Chláir