Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)

Suíomh:
Cill an Dísirt, Co. an Chláir
Múinteoir:
Máire Mac Eochaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0604, Leathanach 260

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0604, Leathanach 260

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill an Dísirt (C.)
  2. XML Leathanach 260
  3. XML “Scéalta Cruatan - Cruatan na nDaoine in Éirinn Fadó”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó i rith an Ghorta bhí fear na chomnaidhe in aice le Cill-an-Dísert i gCúige agus ní raibh aige ach gáirdín timcheall 1/4 acra. D'fhás i mbliadhain an Ghorta D'fhás prátaí ins an ngáirdí sin chomh maith agus a bhfeaca tú riamh. Is iongantach an méid prátaí abhí aige. Do chuir se íád isteach i bpoll doimhin agus dubhairt sé leis féín go bhfághfadh sé ann iad go bhfuigheadh sé luach maith ortha ins an margadh. Bhí an luach ag árdú o lá go lá agus fé dheire bhí sé sáta agus do dhíol sé iad ar luach mhaith. Níór thug sé fiú buiacéád prátaí amhain mar déirc mar bhí a chroidhe ins an airgead.
    An bhliadhain 'na dhiaidh sin d'fhás barra maith arís ins an ngáirdí ceadna. Bhíodar go h-álainn i Mí na Feabhra. Nuair d'fheac sé ortha arís coithcigheas 'na dhiaidh sin bhíodar go léír lobhtha ar an dtalamh. Annsan bhí sé féin agus a chlann chomh bocht le h-éinne fa chomharsanacht. B'éígin dóíbh dul go tig na mbocht i gCill Ruis áit a fuaireadar go léir bás.
    Deirtear go raibh na mílte daoine ag fagháíl báis an t-am sin ón ngorta agus ón bhfiabhras. Cuireadh a lán daoine gach lá ó thigh na mbocht i gCill-Ruais. Deirtear na raibh ins an dtigh ach aon comhra amhain, go raibh barrai i mbun na comhra sin i dtreó is go bhfeadfaidí an bun do leigint síos os cionn an phuill dhoimhin. Annsan
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. cruatan (~1,565)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáitlín Ní Ginnáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    Cill an Dísirt, Co. an Chláir
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó Ginnáin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    Cill an Dísirt, Co. an Chláir