Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá tobar naomtha i gCúig darbh ainm Tobar Ruadháin. Tá sé os comhair Oileán na gCanónach áít a chuir Domhnall Mór O Briain Rí Luimnigh mainsiter do bíd roimh Augustín ar bun fadó. Tá séráidhte go gcuirfeadh na manaigh a lán cistí i bhfolach i gCúige fadó nuair a bhiodís ag teaicheadh ó na Danaraibh. B'fheadar go gcuirfadh na Danair féin a lán cistí ann ag fanamhaint le longaibh a bhéarfadh iad go tiortha iasachta. Pe sceál é tá ainm ar an áit go bhfuil a lán cistí curtha i bhfolach ann.Aon uair do dhein bean sa chorsanamhacht taidhreamh trí oidhche indiaidh a chéíle go raibh ór le faghaíl i bhfolach inaice Tobar Ruadhain. Tráchadh ar an áít ins an dtaidhbreamh.Uair an mheadhon oidhce do thanaig sí i bhfuidhnise an Tobair, mar bean meisneamhmail ládir ba éadh í agus do thosnuigh sí ag rómhar go dtánaig sí go leac mhór a bhí os cionn an óir, do réir an taidhbhreamh, Ar an nóiint sin thánaig manach i láthair agus do thug sé comhairle di stad de'n obair. Thánaig scannradh uirthi agus d'imthigh sí abhaile go tapaidh.
Micheál Mac Crobáin
Cúige- Faisnéiseoir
- Micheál Mac Crobáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cúige, Co. an Chláir